- Díospóireacht maidir leis an bhfuath sa tsochaí a chomhrac
Cad is féidir linn a dhéanamh faoin bhfuath agus conas is féidir linn an meas frithpháirteach a fheabhsú inár sochaithe? An bhfuil moladh agat chun tacú leis an obair a dhéanfaidh an Coimisiún Eorpach amach anseo maidir leis an bhfuathchaint agus an fhuathchoireacht a chomhrac?
Seo an spás ar féidir leat do thuairimí a chomhroinnt agus a bheith rannpháirteach in éineacht le saoránaigh eile.
Críoch na Díospóireachta maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh
Tar éis na míonna d’ionchur agus de phlé, tá a chéad díospóireacht curtha i gcrích ag Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach. Tá saoránaigh as gach cearn den Eoraip tar éis a dtuairimí a roinnt ó mhí Feabhra faoin mbealach leis an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, costais a laghdú agus cur amú fuinnimh a sheachaint.
Na smaointe a fuarthas ó shaoránaigh ar an Ardán, is iad a bhí mar bhonn le plé an Phainéil Saoránach Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh. Ina theannta sin, cuirfear tuarascáil thiomnaithe faoi thorthaí iomlána na díospóireachta ar líne i láthair go luath. Déanfaidh an Coimisiún Eorpach bearta leantacha bunaithe ar na torthaí sin, rud a bheidh mar threoir freisin ag tionscnaimh an Choimisiúin amach anseo.
Chuir an Painéal Saoránach Eorpach maidir leis an bhFuath sa tSochaí a Chomhrac a mholtaí faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh
Le linn trí dheireadh seachtaine, tháinig 150 saoránach a roghnaíodh go randamach ó na 27 mBallstát uile le chéile chun plé a dhéanamh ar na cúiseanna atá le fuath san Aontas, sin agus an méid atá taobh thiar de. Phléigh siad freisin na réimsí éagsúla gníomhaíochta atá ann chun aghaidh a thabhairt orthu.
I dteannta a chéile, tá sraith moltaí curtha ar aghaidh ag na saoránaigh a chuideoidh le dlíthe an Aontais amach anseo a mhúnlú agus a chuirfidh le tionscnaimh de chuid an Choimisiúin atá le teacht.
Cad é Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach?
Seo é an spás tiomnaithe atá agat chun páirt a ghlacadh sa díospóireacht maidir le beartais an Aontais a bhfuil tionchar acu orainn ar fad.
Cuid ríthábhachtach dár bpróiseas ceaptha beartas is ea d’aiseolas. Tá tábhacht le tuairim an uile dhuine agus ba mhaith linn do thuairim a chloisteáil.
A bhuí le haistriúchán fíor-ama, is féidir leat páirt a ghlacadh in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais, agus a bheith rannpháirteach in éineacht le do chomhshaoránaigh. Tógaimis an Eoraip le chéile!
Céimeanna rannpháirtíochta na saoránach
- RannpháirtíochtAighneachtaí ar líne
Cruthaíonn na saoránaigh aighneachtaí ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach, fágann siad trácht orthu agus vótálann siad orthu
- An pléNa Painéil Saoránach Eorpach
Cuirtear aighneachtaí san áireamh mar chuid de na Painéil Saoránach Eorpach agus áirítear an toradh sa phróiseas ceaptha beartas Eorpach
- Obair leantachGníomh a dhéanamh maidir le moltaí na saoránach
Déantar obair leantach ar aighneachtaí trí phlé bunaithe ar thuarascálacha rialta
- AiseolasCumarsáid thrédhearcach maidir leis an toradh
Cuirtear saoránaigh ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí beartais
Is féidir leat páirt a ghlacadh trí aighneachtaí a phostáil nó trí bharúil a thabhairt faoi aighneachtaí ó dhaoine eile, sin nó iad a fhormhuiniú. Is féidir leat páirt a ghlacadh i gceann ar bith de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Ní mór duit síniú isteach le EU-Login. Féach leat leathanach gréasáin EU-Login chun cuntas a chruthú.
Nuair a bheidh tú sínithe isteach, beidh tú in ann d’aighneacht féin a chur isteach ach cliceáil ar an gcnaipe ‘Aighneacht nua +’. Is féidir leat teideal agus ábhar d’aighneachta a scríobh ansin, agus is gá idir 150 agus 1500 carachtar a úsáid ina leith sin.
Is féidir leat barúil a thabhairt faoi aighneacht eile nó é a ‘fhormhuiniú’. Is ionann aighneacht a ‘fhormhuiniú’ agus ‘is maith liom é’ a thabhairt di, mar a dhéantar ar ardáin eile de chuid na meán sóisialta.
Foilsítear do chuid aighneachtaí láithreach bonn agus dá bhrí sin, ní mór duit na Rialacha maidir le Rannpháirtíocht a urramú.
Táimid go hiomlán tiomanta do chuid sonraí pearsanta a chosaint. Féach an dóigh a ndéanaimid sin
Clúdaíonn na ceisteanna seo réimse topaicí a bhaineann le feidhmiúlacht, sonraíochtaí teicniúla, ábhar agus topaicí, agus fiosrúcháin ilghnéitheacha maidir le hArdán Rannpháirtíochta na Saoránach.
Painéil Saoránach Eorpach
Príomhchuspóir de chuid an Choimisiúin Eorpaigh is ea rannpháirtíocht níos láidre na saoránach ina phróisis agus ina bheartais dhaonlathacha. I ngeall air sin, bhunaigh an Coimisiún na Painéil Saoránach Eorpach mar ghné rialta den saol daonlathach san Aontas.
I ngach Painéal Saoránach, tugtar le chéile 150 saoránach a roghnaítear go randamach as gach ceann de 27 mBallstát an Aontais, rud a léiríonn éagsúlacht agus glúnta óga na hEorpa. Déanann na Painéil moltaí maidir le príomhbheartais a bhfuil tionchar acu orainn ar fad.
Bí ag faire amach do na forbairtí is déanaí maidir leis na Painéil atá ann faoi láthair agus na cinn a bheidh ann amach anseo.