Gníomhú láithreach chun fuinneamh a shábháil i gcathracha, do chathracha.
#EUCitiesSaveEnergy #StandWithUkraine #citiesREpowerEU
CÉARD É RÁIB COIGILTE FUINNIMH NA gCATHRACHA?
Is comhthionscnamh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, Cúnant na Méaraí agus Choiste na Réigiún Ráib Coigilte Fuinnimh na gCathracha chun cathracha a spreagadh chun bearta a dhéanamh a laghdóidh a n-ídiú fuinnimh láithreach. Ceithre mhí a mhairfidh an “Ráib”.
Is cuid thábhachtach den phlean REPowerEUcoigilt fuinnimh a mhéadú mar chuid den ullmhúchán don gheimhreadh seo chugainn. Cuirfidh gach kw/u a choiglítear anois ar ár gcumas na humair stórála a líonadh agus a bheith faoi réir don gheimhreadh seo chugainn. Beidh tábhacht le gach gram GHG a sheachnaítear sna míonna romhainn, ní amháin ar son na haeráide, ach mar ghníomh dlúthpháirtíochta leis an Úcráin. Mar sin is den tábhacht é gníomhú anois agus le linn an tséasúir fhuair atá romhainn.
Conas is féidir le cathracha fuinneamh a shábháil sa ghearrthéarma?
Comhuaineach leis na bearta uile d’athruithe móra, laghdú ar ídiú agus athrú fuinnimh, tá gá láithreach le bearta éigeandála a dhéanamh inniu chun fuinneamh a choigilt agus chun pleanáil faoi choinne laghdú ar ídiú fuinnimh an geimhreadh seo chugainn. Tá tábhacht as cuimse le ról na mbardasachtaí sa mhéid seo.
Is iad seo a leanas samplaí de bhearta láithreacha chun fuinneamh a shábháil i réimsí an téimh, an tsolais, na soghluaisteachta agus na cumarsáide:
Coigeartú ar theocht laistigh i bhfoirgnimh phoiblí |
Soilsiú poiblí a fheabhsú |
Dreasachtaí chun iompar poiblí agus soghluaisteacht bhog a úsáid |
Comhairle um shábháil fuinnimh a scaipeadh |
Uirlisí cumarsáide Ráib Coigilte Fuinnimh na gCathracha
Úsáid uirlisí cumarsáide Ráib Coigilte Fuinnimh na gCathracha chun do bhearta áitiúla a chur chun cinn agus bheith mar chuid de ghluaiseacht ar fud an Aontais.
Comhroinn na bearta de do bhardas!
Roinn do thaithí le hOifig Chúnant na Méaraí ar na meáin shóisialta #EUCitiesSaveEnergy nó trí ríomhphost a chur chugainn!
Féach cad iad na bearta éigeandála a d’fhéadfadh do chathairse a dhéanamh UIRLISÍ Ráib Coigilte Fuinnimh na gCathracha.
"Is muidne, sna cathracha, a fhéadann bearta a thabhairt isteach chun an bhochtaineacht fuinnimh agus an spleáchas fuinnimh ar an Rúis a throid."
Rafal Trzaskowski, Méara Vársá, Comhalta de Chúnant na Méaraí, Comhalta de Choiste Eorpach na Réigiún.