Eamhain Mhacha
Eamhain Mhacha | ||||
---|---|---|---|---|
Lipéad sa teanga dhúchais | (sga) Emain Macha (ga) Eamhain Mhacha | |||
Sonraí | ||||
Cineál | Suíomh seandálaíochta | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Ard Mhacha, Northern Ireland | |||
| ||||
Séadchomhartha ársa Éireannach é Eamhain Mhacha, nó Eṁaın Ṁacha mar a dtugadh air sa tSean-Ghaeilge, atá suite i gContae Ard Mhacha an lae inniu. Suíomh lárnach i sean-stair an oileáin agus miotaseolaíocht na nGael atá ann, agus é ar cheann de na bunáiteanna ba mhó le rá i laethanta réamh-Chríostaí na tíre.
Cé go dtugtar "dúnfort" ar Eamhain Mhacha, meastar inniu gur shuíomh págánach deasghnách a bhí ann.
Príomhchathair Uladh ab ea é, agus luaitear go minic é sa Rúraíocht. Creideadh go raibh sé bunaithe ag an mbandia Macha sa chúigiú nó seachtó aois roimh Chríost, agus go raibh sé mar shuíomh ríoga Conchúr mac Neasa i scéalta na Rúraíochta. Deirtear go raibh trí theach aige ag Conchúr in Eamhain Mhacha, mar atá:
- an Chraobh Rua, áras an rí
- an Chraobh Dhearg, áit inar bailíodh duaiseanna cogaidh
- an Taisce Bhreac, áit inar stóráladh airm na laochra
Tá baint ag Eamhain Mhacha le cuid de na daoine is cáiliúla i miotaseolaíocht na hÉireann, mar shampla:
- an file Amergin
- an sárlaoch Cú Chulainn
- Eimear, bean álainn agus ceanndána Chú Chulainn
- Conall Cernach, deartháir altrama agus dlúthchara Chú Chulainn
- Lóegaire, laoch eile
- Conchúr mac Neasa, rí Uladh
- Cathbad, an príomhdraoi
- Fergus mac Róich, sárlaoch agus rí eile
- Deirdre, an bhean is áille in Éirinn agus a fhear cróga Naoise
- Leabharcham, an bhean chríonna
Tréigeadh Eamhain Mhacha sa bhliain 331 AD nuair a dódh chun talamh é, de réir Annála na gCeithre Máistrí.