Jump to content

Ianus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarIanus

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáldia Rómhánach
dia tairseachúil Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
Miotaseolaíochtcreidimh na Sean-Róimhe agus miotaseolaíocht na Sean-Róimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
CéileJuturna (en) Aistrigh agus Venilia Cuir in eagar ar Wikidata
MáthairEntoria (en) Aistrigh agus Heicité Cuir in eagar ar Wikidata
AthairSatarn agus Caelus (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíCanens, Fontus (en) Aistrigh agus Crano (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
SiblíníHymnus, Felix agus Faustus Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Smachtsíolchur, tús, geata, trasdul, am, déachas, dorchla agus doras Cuir in eagar ar Wikidata
SiombailTwo-faced Janus (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhánna éagsúla Ianuais ó 'L'antiquité expliquée et représentée en figures', le Bernard de Montfaucon

I reiligiún agus miotaseolaíocht na Sean-Róimhe, ba é Ianus (Laidin: Iānus) dia na ngeataí, na n-athruithe, an ama, na dúbailteachta, agus na ndoirse.[1]  De ghnáth, léiríodh é le dhá aghaidh aige, ós rud é go mbreathnaíonn sé ar an todhchaí agus ar an am a chuaigh thart. Meastar, de ghnáth, go bhfuil mí Eanáir  ainmnithe as Ianus (Ianuarius),[2] , ach d'almanag na bhfeirmeoirí ón tSean-Róimh, ba é Iúnó pátrún na míosa.[3]

Bhíodh Ianus i gceannas ag tús agus i ndeireadh aighnis, agus dá réir sin, cogadh agus síocháin. Bhíodh doirse teampaill Ianuis ar oscailt in am cogaidh, agus dúnta chun na síochána a cheiliúradh. Mar dhia na n-athruithe, bhí feidhmeanna aige faoi bhreith agus faoi turais agus faoi mhalartú, agus ina chumann le Portunus, den chineál céanna de chuan agus túsdia, bhí baint aige le taisteal, trádáil agus loingseoireacht.

Ní raibh flamen nó  sagart (sacerdos) speisialaithe ar bith tugtha do Ianus, ach rinne Rí na nDeasghnátha Naofa (rex sacrorum) é féin a chuid searmanais. Bhí uileláithreach ag Ianus i searmanais reiligiúnacha i rith na bliana, agus guíodh air de réir deasghnátha ag tús gach ceann acu, beag beann ar an phríomh-diacht a bheadh i gceist ag aon ócáid faoi leith.

Ní raibh a mhacasamhail agus Ianus ag na Sean-Ghréagaigh a mhaigh na Rómhánaigh mar dhia sainiúil bainteach leo amháin.

  1. Varro apud Augustine De Civitate Dei VII 9 and 3; Servius Aen.
  2. Forsythe, Time in Roman Religion, p. 14.
  3. H.H. Scullard, Festivals and Ceremonies of the Roman Republic (Cornell University Press, 1981), p. 51.