Oppenheimer (scannán)
Is é Oppenheimer scannán fada a stiúir agus a léirigh Christopher Nolan. Seoladh an scannán go hoifigiúil ar 19 Iúil 2023 sa Fhrainc.[1] D’éirigh leis an scannán seacht nOscar (Gradaim an Acadaimh) ar fad a fháil sa bhliain 2024.[2]
Plota
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scannán beathaisnéise atá ann faoin bhfisiceoir a chruthaigh an buama adamhach. J. Robert Oppenheimer, “athair an bhuama adamhaigh”, "Oppy" agus a chomrádaithe eolaíochta ag iarraidh buama adamhach a chruthú sula ndéanfadh na Naitsithe é. Dírítear ar a óige, a ghaiscí míchlúiteacha i rith an Dara Cogadh Domhanda mar aon leis an ngéarleanúint a rinneadh air ina dhiaidh sin.[3]
Tá trí amlíne dhifriúil fite fuaite le chéile anseo aige: laethanta a óige mar scoláire, éisteacht slándála dá chuid féin i 1954 agus éisteacht daingniúcháin le Lewis Strauss i 1959.
Déantar iarracht iniúchadh a dhéanamh ar mheabhair agus ar mheon Oppenheimer, fear fíorchliste, fear ban, duine a bhí tiomanta dá chuid oibre cé gur thuig sé na hiarmhairtí a bheadh uirthi agus fear a bhí ciaptha ag na hiarmhairtí céanna ina dhiaidh sin.
Scéal uafáis á insint gan fiacail a chur ann…cinedhíothú á phleanáil agus á chur i gcrích chun na Seapánaigh a cheansú i dtreo dheireadh an dara cogadh domhanda, nuair ná rabhadar meáite géilleadh d’fhórsaí na gComhghuaillithe.[4]
Lucht pleanála an bhuama seo gan taise gan trócaire ag troid is ag sárú eatarthu fhéin, anuas air sin. Paranóia na Meiriceánach i gcoinne an Chumannachais, gan trácht ar fhrith-Sheimiteachas agus aon ní ná beart ná raibh Fíor-Mheiriceánach, ní maith.[4] Meabhraítear dúinn arís is arís go raibh an ghéarleanúint a bhí á déanamh ag na Naitsithe ar Ghiúdaigh ag spreagadh na n-eolaithe Giúdacha chun gnímh.[3]
Gradaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhain Cillian Murphy éacht amach nuair a bhuaigh sé Gradam Oscar don aisteoir fireann is fearr dá ról mar J Robert Oppenheimer. 7 gcinn de Ghradaim a fuair "Oppenheimer"; An Scannán agus Stiúrthóir agus Aisteoir is Fearr, chomh maith leis an Aisteoir Tacaíochta is Fearr (Robert Downey Jr), Cineamatagrafaíocht (Hoyte Van Hoytema), an Bunscór (Ludwig Göransson) agus Eagarthóireacht (Jennifer Lame).[5]
Agus é ag glacadh leis an ngradam Oscar, dúirt Cillian Murphy go bhfuilimid inár gcónaí i ndomhan Oppenheimer, agus thiomnaigh sé an gradam do na daoine a dhéanann síocháin.[6] Chuir sé clabhsúr lena phíosa cainte ag trácht ar an scannán faoin bhfear a chum an buama adamhach. "Tá muid ar fad anois bíodh sé maith nó olc, sa saol a chruthaigh Oppenheimer, mar sin ba mhaith liom an gradam seo a thiomnú do lucht na síochána i ngach áit."[5][7][8]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- J. Robert Oppenheimer
- Cillian Murphy
- Christopher Nolan (stiúrthóir)
- Comhdhíothú dearbhaithe
- Iomadú núicléach
- An tÚileloscadh
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Christopher Nolan; Cillian Murphy, Emily Blunt, Matt Damon (2023-07-21). "Oppenheimer". Universal Pictures, Atlas Entertainment, Gadget Films.
- ↑ RnaG (2023-08-01). "Róisín Ní Mhaoláin, Léirmheastóir." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-03-16.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Breandán M Mac Gearailt (1 Lúnasa 2023). "Saothar ar leith eile ón gceardaí Christopher Nolan" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-16.
- ↑ 4.0 4.1 Seosaimhín Ní Bheaglaoich (17 Lúnasa 2023). "‘Barbie’ nó ‘Oppenheimer’? B’fhéidir gur Barbenheimer an freagra ar an mbáisteach…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-16.
- ↑ 5.0 5.1 Nuacht RTÉ (2024-03-11). ""Éireannach bródúil" - Gradam Oscar ag Cillian" (as ga-IE).
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (16 Márta 2024). "Nuacht Mhall: (Ciarraí)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-03-16.
- ↑ "‘Ón gcroí a thagann sé, ní bhíonn air aon chur i gcéill a dhéanamh’ – athair Chillian Murphy ‘an-mhórálach’ as" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-12). Dáta rochtana: 2024-03-16.[nasc briste go buan]
- ↑ RnaG (2024-01-24). "Breandán Ó Murchú;Trácht air a mhac,an t-aisteoir Cillian Ó Murchú. Deineann a athair,Breandán, cur síos anseo ar a mhac, agus an spéis a bhí aige san aisteoireacht agus é óg go maith." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-03-16.