Árachas dliteanais i dtír eile den Aontas Eorpach
Árachas dliteanais
Má bhogann tú go tír eile san Aontas, nó má chuireann tú gnólacht ar bun ann, ní mór duit a fháil amach cé na cineálacha árachais atá de dhíth ort. Cé go bhfuil roinnt polasaithe árachais éigeantach (cosúil le hárachas mótarfheithiclí), tá cinn eile roghnach (cosúil le hárachas peataí). Is féidir polasaithe árachais a nascadh le conarthaí áirithe freisin (amhail árachas dóiteáin mar chuid de chomhaontú cíosa le tiarna talún).
Árachas dliteanais ghairmiúil
Cosnaíonn árachas dliteanais thú mar ghairmí ar iarmhairtí airgeadais éileamh dlíthiúil ar eagla go ndéanfadh do ghníomhaíochtaí díobháil nó damáiste do dhaoine nó do mhaoin. Eisiatar cineálacha áirithe teagmhas, amhail damáiste toiliúil nó gníomhartha coiriúla.
Is féidir leis na tíortha den Aontas, faoi choinníollacha áirithe, árachas éigeantach a fhorchur ar ghairmeacha áirithe. Más mian leat seirbhísí gairmiúla a chur ar fáil i dtír eile den Aontas ar bhonn buan, agus má tá árachas agat cheana féin, tá sé de cheart agat go n-aithneofaí d’árachas (go hiomlán nó go páirteach) sa tír sin den Aontas.
Más mian leat seirbhísí gairmiúla trasteorann a chur ar fáil ó do thír bhaile ar bhonn sealadach, is féidir leis an tír eile den Aontas ceanglais árachais áirithe a fhorchur ar chúiseanna a bhaineann le beartas poiblí, slándáil phoiblí, sláinte phoiblí nó cosaint an chomhshaoil.
Árachas d’fhostaithe
Má fhostaíonn tú baill foirne, déan seiceáil cén t-árachas a chaithfidh tú a bheith agat chun do chuid fostaithe a chlúdach i leith timpistí san ionad oibre, i.e. timpistí ceirde. Féach leat tuilleadh eolais faoi riachtanais árachais i ngach ceann de na tíortha thíos.