D’áit chónaithe a dhíchlárú
Éilíonn roinnt tíortha den Aontas ort na húdaráis a chur ar an eolas má tá sé beartaithe agat an tír a fhágáil go buan (nó ar feadh tréimhse fhada). I roinnt tíortha den Aontas, d’fhéadfadh sé go mbeadh ort an nós imeachta sin a chur i gcrích go pearsanta, i dtíortha eile d’fhéadfadh sé go mbeifeá in ann é a dhéanamh tríd an bpost nó ar líne.
Mar chuid den phróiseas, d'fhéadfadh sé go n-iarrfaí ort do dhoiciméid chónaithe agus doiciméid do theaghlaigh a thabhairt ar láimh, más infheidhme. D’fhéadfadh na húdaráis do chlárúchán mar chónaitheoir a chur ar fionraí nó tú a scriosadh go buan ón gclár daonra.
I dtíortha ar leith, cuirfidh na húdaráis na ranna rialtais ábhartha ar an eolas faoi do dhíchlárú (mar shampla, na húdaráis chánach, údaráis chlárúcháin gluaisteán) agus iarrfaidh údaráis eile ort teagmháil a dhéanamh le gach roinn ar bhonn aonair.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le d’áit chónaithe a dhíchlárú (i gcás inarb ábhartha) i mBallstát, féach suíomh gréasáin na n-údarás náisiúnta thíos.